Harvest Moon Photographic Competition


Free fossil heritage talk by Geologist Dr. Matthew Parkes from Ireland’s Natural History Museum at 4pm on Friday, September 16th in The Conservatory, Hook Head Lighthouse.

Call Cathy 051-397055

Share

Turas Treoraithe i nGaeilge

Gaeilge

Teach Solais Rinn Duáin
Ceann de na tithe solais is sine ar domhan atá fós in úsáid
Tógadh an teach solais seo 800 bliain ó shin agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann.

Is teach solais ar leith é!

Tabharfaidh an Treoraí tú mórthimpeall an Tí Solais go dtí godtiocfaidh tú ar radharc den scoth ón mbalcóin.

Tá ionad na gcuairteoirí suite i seantithe na maor, áit a bhfuil siopa bronntanas agus caifé den scoth, mar aon le foireann chairdiúil atá sásta cabhrú leat i dtaobh aon eolas do thurasóirí atá ag teastáil uait.  Réamhchúram Sláinte Tógadh Teach Solais Rinn Duáin sa 13ú aois déag agus ní mór a bheith cúramach nuair atá tú taobh istigh den túr. Coimeád do lámh ar an lámhráille nuair atá tú ag dul suas agus síos. Tabhair aire nuair atá tú ag siúl mar d’fhéadfadh comhdhlúthú a bheith taobh istigh den bhfoirgneamh agus an staighre a bheith sleamhain. Tá na doirse agus cuid den staighre ar leibhéal íseal, tabhair aire do do cheann. Ní mór do chaomhnóirí a chinntiú go bhfuil páistí sábháilte agus a chinntiú go gcloíonn siad le treoracha sábháilteachta a bhaineann leis an túr. Ná bí ag ithe, ag ól nó ag caitheamh tabac sa túr le do thoil.

Rinn Duáin, Co. Loch Garman.  

Tá ceann tíre caol Cheann Rinn Duáin suite in iardheisceart Chontae Loch Garman, áit a bhfuil sé mar theorainn ar oirthear inbhear Chuan Phort Láirge. Uaireanta glaotar leithinis ar an gceann tíre seo, rud a chiallaíonn gur “beagnach oileán” é. Is éard atá sa bhuncharraig ná dhá chineál carraige dríodraí: sean-ghaineamhchloch rua agus aolchloch. Tá sraith sean-ghaineamhchloch rua ag dul trasna na leithinise idir Broomhill agus Carnivan. Baineadh í seo as cairéal ag Herrylock ar feadh na gcéadta agus úsáideadh í chun clocha muillinn, trachanna uisce agus nithe eile a dhéanamh. Tá aolchloch charbómhar atá déanta as iontaisí ag ceann tíre Rinn Duáin féin. Dódh an aolchloch i go leor de na haitheanna aoil is féidir a fheiceáil ar fud na leithinise. Baineadh leas as an bpúdar aolchloiche chun caighdeán na hithreach a fheabhsú. Ina theannta sin, meascadh í le gaineamh chun moirtéal aoil a dhéanamh ar mhaithe le ballaí agus tithe a thógáil.  Toisc go ritheann aibhneacha na Bearú, na Feoire, na Siúire isteach san inbhear glaotar Comar na dTrí nUisce as Ghaeilge. Thug na Lochlannaigh Vadra Fiord (inbhear na haimsire) air agus is ó seo a tháinig an focal Port Láirge (Waterford). Sa cúigiú haois bhunaigh manach darbh ainm Dubhán mainistir ar an leithinis. Tá an séipéal meánaoiseach ag Churchtown, a tógadh ar shuíomh mhainistir Dhubháin, mar chuid de mhainistir Luath-Chríostaí. Tugadh Rinn Dubháin (ceann tíre Dhubháin) ar an gceann tíre. Cé gur duán iascaigh an ciall atá le Dubhán, is seans ann gur ainmníodh an ceann tíre i ndiaidh an seanfhocal Bhéarla Hook, a chiallaíonn píosa talún atá ag gobadh amach. De réir traidisiúin, thóg na manaigh ag mainistir Dhubáin an chéad rabhchán tine le cur in iúl do mhairnéalaigh fanacht amach ó chlocha dáinséaracha.

Cé a thóg Túr an Duáin?

Tháinig na hAngla-Normannaigh i dtír in Éirinn i 1169 mar shaighdiúirí tuarastail faoi sheirbhís Diarmuid MacMurchadha, Rí Laighean a chuireadh as oifig. Is féidir na háiteanna a tháinig siad i dtír, ag Banú, ag Ceann Bhanú agus ag an bPasáiste a fheiceáil ó Túr an Duáin. Phós cheannair na Normannach, Risteárd de Clare, nó Strongbó mar b’fhearr aithne air, iníon Dhiarmuid, Aoife. Rinneadh Tiarna Laighean as Strongbó i ndiaidh bás Dhiarmuid. Tháinig cliamhain Strongbó, William Marshal, i gcomharbacht ar nuair a tháinig sé go hÉireann go luath sa tríú haois déag. Thuig sé an tábhacht a bhain le Cuan Phort Láirge agus a chóras aibhneacha i dtaobh trádála agus loingseoireachta. Chuir Marshal calafort Ros Mhic Thriúin ar bun ar Abhainn na Bearú atá 30 km ón bhfarraige mhór.

Chun go n-éireodh le calafort Ros Mhic Thriúin bhí a fhios ag Marshal go gcaithfí longa a theorú isteach go calafort Phort Láirge tríd na huiscí dáinséaracha ag ceann Rinn Duáin. Thóg Marshal túr ciorclach 30m ar airde mar theoir loingseoireachta ag deireadh na leithinise.  Sainchomhartha a bhí ann i rith an lae agus túr tine a bhí ann i rith na hoíche. Thug Marshal liúntas bliantiúil do na manaigh ag mainistir Rinn Dubháin in aice láimhe le bheith i bhfeighil an tí solais, obair a bhí déanta acu ar feadh na gcéadta. Chónaigh na manaigh sa túr agus b’ionann an teach solais agus mainistir. Tá rianta dá séipéal ag oirthear an fhoirgnimh fós ann. D’fhéadfadh gur tháinig Marshal ar an smaoineamh chun túr solais a thógáil sa Mheánmhuir, cosúil leis an teach solais i Pharos in Alexandria, a d’fhéadfadh go bhfaca sé ar chrosáid chuig an Tír Bheannaithe. Tá dearadh an túir bunaithe ar chaisleáin chiorclacha a bhí coitianta sa Fhrainc, áit a chaith Marshal neart blianta.

Chomh maith le Túr Rinn Duáin, bhí Marshal freagrach as neart foirgneamh tábhachtach eile a thógáil in Éirinn. Áirítear leo seo Mainistir Thinteirn, Caisleán Fhearna, Caisleán Cheatharlach, Caisleán Chill Chainnigh agus Séipéal Naomh Mhuir i Ros Mhic Thriúin. Bhí túir chiorclacha le formhór na gcaisleán a thóg Marshal in Éirinn.

Teach Solais Rinn Duáin á thógáil.

Is sampla ar leith é Teach Solais Rinn Duáin de theach solais meánaoiseach atá fós in úsáid. Tógadh é i rith an tríú haoise déag agus tá sé fós ag feidhmiú mar a bhí riamh. Ceaptar gurb é ceann de na tithe solais is sine ar domhan atá fós in úsáid.  Ceann de na samplaí is fearr d’ailtireacht mheánaoiseach in Éirinn is ea each Solais Rinn Duáin. Tá an túr ceithre stór ar airde agus tá na ballaí 4 mhéadar tiubh. Tógadh an túr as aolchloch áitiúil agus tá caoi slán fós ar an mbunfhoirgneamh. É 36 méadar ar airde, tá dhá leibhéal istigh ann, iad ceangailte le staighre 115 céim mhúrach (laistigh den bhalla). Tá trastomhas 13m ar an gcéad leibhéal ar bhun. Tá trí urlár ann ina bhfuil seomraí boghtaí easnacha agus teallach bunaidh ón tríú haois déag. Sa bhalla féin tá neart seomraí mhúracha, lena n-airítear dhá losán (leithris).  Tá trastomhas 6m ar an leibhéal uachtarach: fadó sin an áit ar coimeádadh rabhchán tine, ach cuireadh laindéar isteach ina áit ina dhiaidh sin.  An Túr i Rith na n-Aoiseanna Ar feadh roinnt céadta tar éis dó a bheith tógtha, bhí Túr Rinn Duáin fós faoi smacht bhaile Ros Mhic Thriúin. Léirigh méara agus corparáid Ros Mhic Thriúin an t-údarás a bhí acu trí thaisteal chuig ceann tíre Rinn Duáin, áit a scaoilfidís saighead isteach san fharraige agus a dreapfaidís an túr. Ní fios cé chomh fada a raibh na manaigh ag feidhmiú mar fheighlithe ar an túr: tá seans ann gur ghlac tuataí cúram ar an obair sin.

Sa bhliain 1671, cuireadh isteach laindéar nua ag barr an túir in áit an sean-solas rabhcháin. Dódh gual chun an laindéar seo a lasadh. Rinneadh breis feabhsuithe sa bhliain 1704. Ag deireadh an seachtú haoise dhéag ghlac Anraí Loftus úinéireacht ar an túr. Ghlac sé seilbh ar an talamh ag Rinn Duáin i ndiaidh fheachtas Chromaill in Éirnn. Sa bhliain 1728, bhagair Nioclás Loftus, fear a tugadh “an múchtóir” air, an teach solais a dhúnadh dá ma rud é nár thug na hudaráis ardú cíosa dó.

Fuarthas réidh leis an tine guail ar deireadh sa bhliain 1791 nuair a cuireadh isteach laindéar a bhí 12 chéim ar fhad nuair a cuireadh isteadh an dá lampa dhéag. Rinneadh breis feabhsuithe ina dhiaidh sin nuair a tugadh an túr don Chorparáid um Chalafort Bhaile Átha Cliath a Chothabháil agus a Fheabhsú (The Corporation for Preserving and Improving the Port of Dublin (Oifig Ballasta) sa bhliain 1810 agus caitheadh £4,280 ar threalamh nua. Rinneadh breis athruithe sa bhliain 1863 agus d’fhan cruth an tí soláis mar an gcéanna go dtí an lá atá inniu ann. Cuireadh isteach soilse nua gáis sa bhliain 1871 a lasadh le gás a
rinneadh in imfhalú a ghlaotar an clós gáis uirthi fós sa lá atá inniu ann.  Le linn na 1800í tógadh trí áit cónaithe do mhaortha an tí solais agus dá gclanna. Ba fhoinse cumhachta í ola phairifín sa bhliain 1911 agus suiteáladh fearas cloig chun an rabhchán a athrú ó sholas seasta go solas gealánach. Chas an fearas mórthimpeall ar ardán ar a raibh trí lionsa ollmhóra suite. Bhí an fearas le tochrais gach 25 nóiméad. Faoi dheireadh, sa bhliain 1972, tháinig leictreachas isteach mar fhoinse cumhachta agus cuireadh lasca solas-íogair isteach chun an laindéar a rialú. Sa bhliain 1996, rinneadh teach solas uathoibríoch as Teach Solas Rinn Duáin agus d’fhág na maortha deireanacha a bhí ag obair sa teach solas ar feadh 800 bliain an stáisiún go buan. Tá an teach solas á rialú go cianda anois agus déantar monatóireacht ar ag Iosta na dTithe Solais i nDún Laoghaire.

Cuirtear comharthaí ceo amach ón teach solas mar rabhadh do mhairnéalaigh nuair a thiteann ceo trom ar an leithinis. Bhí an comhartha sin riachtanach nuair nach raibh radar ná raidió ann. Bhí gunnaí ceo suite ar imeall na haille agus scaoileadh é gach 10 nóiméad nuair a thit ceo. Ina dhiaidh sin cuireadh uirlis scréiche isteach ina áit. Ina dhiaidh sin, cuireadh isteach maidhmitheoirí agus roicéid ina háit a scaoileadh ar ghéaga miotail a bhí sínte amach as barr an tí solais. Sa bhliain 1972 cuireadh isteach bonnán ceo a oibríodh ar aer comhbhrúite agus le linn aimsir cheomhar bhí an fhuaim le cloisteáil uaidh thar thalamh agus ar an
bhfarraige.

Sa bhliain 1867 tugadh an Coimisinéirí Soilse na hÉireann ar an eagraíocht a bhí i bhfeighil sheirbhísí na dtithe solais. Tá na Coimisinéirí i bhfeighil soláthar agus cothabháil na dtithe solais agus áiseanna loingseoireachta eile d’Éireann. Maoinítear iad le dleachtanna solais a ghearrtar ar loingeas tráchtála ag chalafoirt na hÉireann agus na Breataine, mar aon le deonachán bliaintúil ó Rialtas na hÉireann. I measc na bpríomhshéirbhísí a chuireann na Coimisinéirí ar fáil áirítear 80 teach solais, snámháin uathoibríocha, baoithe mhóra loingseoireachta uathoibríocha (LANBYanna), stáisiúin GP dhifreálacha, agus baoithe.

Déantar tithe solais amuigh ón gcósta a sheirbhísiú ag ionaid heileacaptar an chósta, cuid acu atá in úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí chuardaigh agus tarrthála. Is é Físráiteas CIL ná Seirbhís Áiseanna Loingseoireachta iontaofa, éifeachtach agus costéifeachtúil a chur ar fáil ar mhaithe le leas agus sábháilteacht gach uile Mairnéalach.